Seachtain na Gaeilge 2024
25th Mar 2024
‘Bain Triail Aisti.’
Bhaineamar an sult as bheith ag ceiliúradh an féile idirnáisiúnta Ghaeilge ‘Seachtain na Gaeilge’ an tseachtain seo caite.
Rinne na páistí sár-iarracht an Ghaeilge a labhairt sa rang Ghaeilge agus go neamhfhoirmiúil i rith an lae. Chruthaigh siad ealaín iontach bunaithe ar na seanfhocail éagsúla. Ghlac na páistí sna meánranganna agus na hardranganna páirt i dTráth na gCeist. Bhí rinceoirí sároilte le feiceáil ag damhsa Ballaí Luimnigh i halla na scoile i rith na seachtaine.
Ar an Aoine bhí ‘Lá Glas’ againn nuair a ghléasamar suas inár ndathanna náisiúnta. Bhí ceolchoirm againn sa halla. Chualamar dánta agus amhráin ó na ranganna agus mhínigh Ranganna a hAon agus a Dó dúinn cén fáth go dtaitníonn ár dtír álainn go mór leo.
Bhí bronnadh na nduaiseanna againn do Ghaeilgeoirí na seachtaine, buaiteoirí an comórtas ealaíne agus Tráth na gCeist. Bhí an pléisiúr againn an ceoltóir áitiúil Alphie Mulligan a fháiltiú isteach ar an lá chéanna agus sheinn sé cúpla port Gaelach dúinn ar na huillinn píopa in éineacht le hIníon Ní Loingsigh.
Chríochnaíomar Seachtain na Gaeilge le céilí beaga i gclós na scoile nuair a léiríomar ár scileanna rince nua.
Tâimid fíor bhrodúil as a bheith Éireannach agus déanfaimid iarracht i gcónaí ár dteanga álainn a chur chun cinn. Cuimhneoimid de shíor gur:
'Tír gan teanga, tír gan anam.’

St Paul's NS, Walshestown National School, Grangebellew, Drogheda Co Louth | Phone: 041 6852285